skip navigation

Home About us News Events Publications Job Opportunities Links Contact us

-

News

MOLANN BREASTCHECK DO MHNA NA GAILLIMHE MAMGRAM A FHAIL - TA SE SAOR IN AISCE

- 16 June 2009

Tá BreastCheck – An Clár Náisiúnta Scagthástála Cíche – ag iarraidh a mheabhrú do mhná idir 50 agus 64 bliain d’aois atá ina gcónaí i gContae na Gaillimhe go bhfuil siad ag cur x-ghathanna cíche (mamagraim) saor in aisce ar fáil do mhná incháilithe atá ina gcónaí sa gcontae.

Molann BreastCheck do gach duine a fuair scéala faoi mhamagraim saor in aisce ach nár fhreastail ar an gcoinne é sin a dhéanamh nuair a gheobhaidh siad an dara cuireadh sna seachtainí amach romhainn. Tá an tseirbhís scrúdaithe, atá maoinithe ag an Rialtas, á soláthar ó Aonad BreastCheck an Iarthair, Bóthar An Chaisleáin Nua, Gaillimh. Mura bhfeileann am na coinne a thug an Clár, moltar do na mná a fuair cuireadh teagmháil a dhéanamh le hAonad BreastCheck an Iarthair ag 091 580 600 le coinne eile a shocrú.

Is próiseas simplí é mamagram BreastCheck agus ní mhaireann an choinne ach 30 nóiméad. Is é aidhm an scrúdaithe ná ailse cíche a aimsiú nuair a bhíonn sí ina tús. Faightear formhór na mban a ndéantar scrúdú orthu folláin agus ní fhaightear ach níos lú ná haon faoin gcéad acu le hailse. 

 -Críoch-


 

Top of page